• Learn Irish with daily podcasts

  • By: V H
  • Podcast
Learn Irish with daily podcasts  By  cover art

Learn Irish with daily podcasts

By: V H
  • Summary

  • Short sentences with English translations
    Show more Show less
Episodes
  • 20240502_IRISH_dideanaithe_shraid_an_mhota_bogtha,_campa_glanta_as_an_mbealach
    May 2 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ykavbpbt Contact: irishlingos@gmail.com Mount Street refugees moved, camp cleared out of the way. Dídeanaithe Shráid an Mhóta bogtha, campa glanta as an mbealach. International asylum seekers who were living in small tents in the center of Dublin have been transferred to an indoor center in the West of the City and to specially equipped tents on a site in Knock Slinne in the south west of the county. Tá iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta a bhí ag cur fúthu i bpubaill bheaga i lár Bhaile Átha Cliath aistrithe go dtí ionad faoi dhíon in Iarthar na Cathrach agus go dtí pubaill shainchóirithe ar shuíomh i gCnoc Slinne in iardheisceart an chontae. The asylum seekers had set up a subcamp outside the International Protection Office on Lower Mount Street but they had no facilities at all. Bhí foschampa bunaithe ag na hiarrthóirí tearmainn taobh amuigh den Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach ach ní raibh saoráidí dá laghad acu ann. The living conditions in the camp were getting worse all the time and all kinds of dirt was accumulating in the place. Bhí na coinníollacha maireachtála sa champa ag dul chun donachta an t-am ar fad agus bhí gach cineál salachair á charnadh san áit. On the path in front of the building, around it and behind it, the refugees had pitched their tents. Ar an gcosán os comhair an fhoirgnimh, thart timpeall air agus taobh thiar de a bhí na pubaill curtha suas ag na dídeanaithe. This morning, workers moved the tents out of the way, the street was cleared and the refugees were taken on buses to the residential centers in West City and Knock Slinne. Ar maidin inniu, chuir oibrithe na pubaill as an mbealach, glanadh an tsráid agus tugadh na dídeanaithe ar bhusanna go dtí na hionaid chónaithe in Iarthar na Cathrach agus i gCnoc Slinne. In that end, a temporary fence and plastic bollards were put up so that a camp cannot be established there again. Ina cheann sin, cuireadh fál sealadach agus mullaird phlaisteacha suas ionas nach féidir campa a bhunú ann arís. The Department of Integration, the Department of Justice, the Garda Síochána, Dublin City Council, the Office of Public Works and the Health Service Executive, these different agencies were responsible for the different parts of the work. An Roinn Lánpháirtíochta, an Roinn Dlí agus Cirt, an Garda Síochána, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Oifig na nOibreacha Poilbí agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, is iad na gníomhaireachtaí éagsúla sin a bhí freagrach as na codanna éagsúla den obair. The authorities have already tried to move asylum seekers from Mount Street. Rinne na húdaráis iarracht cheana iarrthóirí tearmainn a bhogadh ó Shráid an Mhóta. 150 of them were taken to the site in Knockslinne in March but some returned to the camp on Mount Street the same day. Tugadh 150 acu go dtí an suíomh i gCnoc Slinne i mí an Mhárta ach d'fhill cuid acu ar an gcampa ar Shráid an Mhóta an lá céanna. Despite all facilities being available there, they said that Slinne Hill was too remote. In ainneoin gach saoráid a bheith ar fáil ann, dúirt siad go raibh Cnoc Slinne ró-iargúlta. Integration Minister Roderic O'Gorman also confirmed today that asylum seekers are now living in the River Lodge, or Fighter's House, in Ballykennedigh in Co Wicklow. Dhearbhaigh an tAire Lánpháirtíochta Roderic O'Gorman inniu freisin go bhfuil iarrthóirí tearmainn ina gcónaí anois i Lóiste na hAbhann, nó Teach Trodair, i mBaile an Chinnéidigh i gCo Chill Mhantáin. Clashes took place outside that center during a protest last week. Tharla scliúchais taobh amuigh den ionad sin le linn agóid a bhí ann an tseachtain seo caite. RTÉ News and Current Affairs Tents being cleared out of the way on Lower Mount Street this morning Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Pubaill á nglanadh as an mbealach ar Shráid an Mhóta Íochtarach ar maidi...
    Show more Show less
    12 mins
  • 20240429_IRISH_cruinniu_idir_mcentee_agus_cleverley_curtha_ar_athla
    Apr 29 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dovgenf Contact: irishlingos@gmail.com Meeting between McEntee and Cleverley postponed. Cruinniú idir McEntee agus Cleverley curtha ar athlá. A planned meeting between Justice Minister Helen McEntee and British Home Affairs Secretary James Cleverly has been postponed. Tá cruinniú a bhí beartaithe idir an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee agus Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine James Cleverly curtha ar athlá. The two were to discuss the controversy about asylum seekers coming to Ireland from Britain but it is said that James Cleverly is busy with other affairs today. Bhí an bheirt leis an gconspóid faoi iarrthóirí tearmainn ag teacht go hÉirinn ón mBreatain a phlé ach deirtear go bhfuil James Cleverly gafa ag gnóthaí eile inniu. The Department of Justice has confirmed that the two will discuss the matter again soon. Tá sé dearbhaithe ag an an Roinn Dlí agus Cirt go bpléifidh an bheirt an scéal arís go luath. The story relates to the concern of the Irish Government that more immigrants have been coming into the State from Northern Ireland for some time because they fear that they will be deported from the United Kingdom. Baineann an scéal leis an imní atá ar Rialtas na hÉireann go bhfuil níos mó inimirceach ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann le tamall mar go bhfuil faitíos orthu go ndíbreofar as an Ríocht Aontaithe iad. Legislation was passed in Britain last week under which asylum seekers can be deported from the country and sent to Rwanda in eastern Africa. Ritheadh reachtaíocht sa Bhreatain an tseachtain seo caite faoinar féidir iarrthóirí tearmainn a dhíbirt as an tír agus a gcur go Ruanda in oirthear na hAfraice. The aim of the legislation is to prevent migrants from arriving in Britain in small boats from France. Is é is aidhm don reachtaíocht imircigh a chur ó theacht chun na Breataine i mbáid bheaga ón bhFrainc. Minister McEntee revealed last week that there had been an increase of over 80% in the number of migrants coming into the State from Northern Ireland and the British Prime Minister claimed that this showed that the new legislation although it had not yet been implemented. Thug an tAire McEntee le fios an tseachtain seo caite go raibh ardú os cionn 80 faoin gcéad tagtha ar an líon imirceach a bhí ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann agus mhaigh Príomh-Aire na Breataine gur léirigh sé sin go raibh rath cheana féin ar an reachtaíocht nua cé nach raibh sé curtha i bhfeidhm fós. In light of this crime in British immigration policy, the Irish Government is considering introducing legislation that would allow asylum seekers who have landed in Britain to be sent back there. I bhfianaise an choir seo i bpolasaí inimirce na Breataine, tá Rialtas na hÉireann ag breathnú ar reachtaíocht a thabhairt isteach faoina gceadófaí iarrthóirí tearmainn a tháinig i dtír sa Bhreatain a chur ar ais ann. Yesterday, Taoiseach Simon Harris said that Ireland would not provide a loophole for other countries struggling with the issue of immigration. Inné, dúirt an Taoiseach Simon Harris nach gcuirfeadh Éire bealach éalaithe ar fáil do thíortha eile atá ag streachailt le ceist na hinimirce. It is understood that Helen McEntee and James Cleverly are to discuss the Common Travel Area between Ireland and the United Kingdom with a view to "strengthening" it. Tuigtear go bhfuil Helen McEntee agus James Cleverly chun an Comhlimistéár Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a phlé le súil é a "neartú". According to that agreement, citizens of Ireland and the United Kingdom are allowed to travel without restriction between the two countries. De réir an chomhaontaithe sin, tá cead ag saoránaigh na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe taisteal gan srian idir an dá thír. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show more Show less
    11 mins
  • 20240426_IRISH_imni_ar_an_eigipt_go_mbrufar_palaistinigh_trasna_na_teorann
    Apr 26 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26lsnkv7 Contact: irishlingos@gmail.com Egypt worries that Palestinians will be pushed across the border. Imní ar an Éigipt go mbrúfar Palaistínigh trasna na teorann. The Egyptian Government says it has no intention of allowing the Palestinian Israelis living in the southern Gaza city of Rafah to be pushed across the border when the Israeli Army makes a major invasion of the city as they have promised. Deir Rialtas na hÉigipte nach bhfuil aon rún acu ligean do na hIosraelaigh Palaistínigh atá ag cur fúthu i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza a bhrú trasna na teorann nuair a dhéanfas Arm Iosrael mórionradh ar an gcathair mar atá geallta acu. The Israelis have said many times that they have vowed to launch an all-out invasion of Rafah and have been retaliating against it for several weeks. Tá sé ráite go minic ag na hIosraelaigh go bhfuil siad mionnaithe ionradh uileghabhálach a dhéanamh ar Rafah agus tá iad ag déanamh téisclime lena aghaidh sin le roinnt seachtainí. International leaders have asked the Israelis just as often not to go ahead with the invasion because of the damage that will certainly be done to the public. Tá iarrtha chomh minic céanna ag ceannairí idirnáisiúnta ar na hIosraelaigh gan dul ar aghaidh leis an ionradh mar gheall ar an ár is cinnte a thabharfar ar an bpobal ansin dá bhíthin. Not to mention the million people who lived in Rafah before the Israelis started waging war on Gaza last autumn, their refugee sauce has also been wedged into it since then. Gan trácht ar an milliún duine a bhí ina gcónaí in Rafah sular thosaigh na hIosraelaigh ag fearadh cogadh ar Gaza an fómhar seo caite, tá a n-anlann teifeach dingthe isteach ann ó shin freisin. Despite what the Egyptians said today, they also indicated that they would have to cooperate with the Israeli military forces in terms of security since Rafah is located on the border with Egypt. In ainneoin a ndúirt na hÉigiptigh inniu, thug siad le fios chomh maith go mbeadh orthu dul i gcomhar le fórsaí míleata Iosrael maidir le cúrsaí slándála ó tá Rafah suite ar an teorainn leis an Éigipt. It cannot be said, they said, that they will support the invasion. Ní hin le rá, a dúirt siad, go mbeidh siad ag tacú leis an ionradh. As per the Israeli plan to do so, it is reported that they have bought 40,000 tents with room for twelve in each, with the hope of housing civilians who will be evacuated from Rafah before the invasion. Mar leis an téisclim atá na hIosraelaigh a dhéanamh, tuairiscítear go bhfuil 40,000 puball a bhfuil áit i ngach ceann acu do dháréag ceannaithe acu le súil sibhialtaigh a aslonnófar ó Rafah roimh an ionradh a chur a chónaí iontu. It seems that some of the tents have already been erected in the city of Khan Younis, five kilometers north of Rafah. Is cosúil go bhfuil cuid de na pubaill curtha suas cheana féin i gcathair Khan Younis, cuig chiliméadar ó thuaidh ó Rafah. If this is the case, the Israelis are determined to get as many civilians as possible out of Rafah before the invasion, it is estimated that they will not have made all their preparations for at least a month. Más amhlaidh atá na hIosraelaigh meáite ar an oiread sibhialtach agus is féidir a thabhairt amach as Rafah roimh an ionradh, meastar nach mbeidh gach uile úmachan déanta acu go ceann míosa ar a laghad. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show more Show less
    10 mins

What listeners say about Learn Irish with daily podcasts

Average customer ratings

Reviews - Please select the tabs below to change the source of reviews.