Seachtain Podcast Por Irish Independent arte de portada

Seachtain

Seachtain

De: Irish Independent
Escúchala gratis

OFERTA POR TIEMPO LIMITADO | Obtén 3 meses por US$0.99 al mes

$14.95/mes despues- se aplican términos.

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

2026 Irish Independent
Política y Gobierno
Episodios
  • Dúnmharú Michael McAreavey: 15 mbliana ar aghaidh agus ceartas in easnamh go fóill
    Jan 10 2026
    I mí Eanáir 2011, dúnmaraíodh Michaela McAreavey agus í ar mhí na meala in ostán in Oiléan Mhuirís. Phós sí John McAreavey díreach dhá lá déag roimhe sin. Buille uafásach dá teaghlach a bhí san eachtra brúidiúil agus tharraing an fiosrúchán aird na meán ní amháin in Éirinn, ach ar fud an domhain. Cúisíodh beirt fhear ach fuarthas neamhchiontach an dís acu. 15 bhliain níos déanaí, tá an cás fós gan réiteach. Phléigh iriseoir Seachtain an cás le Ciarán Dunbar.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Más Menos
    26 m
  • 2026: ‘Ní féidir a bheith cinnte de rud ar bith tar éis thús spleodrach leis an mbliain’
    Jan 8 2026
    Maduro fuadaithe, neamhaird ar bhuaiteoir Nobel Machado, an Ghraonlainn faoi bhagairt ó thús na bliana. Tar éis seachtain den bhliain 2026, tá cúrsaí an domhain níos corraithí ná mar a bhí anuraidh cheana féin. Pléann John Downing agus Conchúr Ó Faoláin cúrsaí an tsaoil sa bhliain úr le Ciarán Dunbar

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Más Menos
    31 m
  • Éilis Ní Dhuibhne: Gaeilge, Grief agus saol caite i mbun pinn
    Jan 8 2026

    Tá os cionn caoga bliana caite ag an úrscéalaí Éilis Ní Dhuibhne i mbun pinn.



    Le breis agus 30 leabhar eisithe aici, idir Bhéarla agus Ghaeilge agus iliomad gradaim buaite aici, is í duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i litríocht na hÉireann.



    I measc an réimse leathain leabhar atá scríofa aici, tá ‘The Dancers Dancing’, ‘Twelve Thousand Days’ agus ‘Fáinne Geal an Lae’.



    Cé go bhfuil aitheantas go leor bainte amach aici as a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge, admhaíonn sí go raibh drogall uirthi tabhairt faoin dúshlán sa chéad dul síos.



    Mar sin de, cad chuige a mothaíonn sí an gá anois chun tabhairt faoina leithéid?



    Agus ina dhiaidh bhás a fear céile, an béaloideasaí clúiteach Bo Almqvist, cén dóigh ar aimsigh sí tearmann agus dóchas ón bhrón?



    Ar Seachtain, labhraíonn Éilis Ní Dhuibhne, atá ina Laureate i gcomhair fhicsean Éireannach, faoina cuid gaiscí, a cuid ísealphointí agus an ceangal atá aici le teanga a hathar.



    Foclóir:


    Ionadaíocht: Representation


    I mbéal an phobail: The talk of the parish


    Aonarach: Solitary


    Go smior: To the core


    Bua: Attribute or gift


    Siúinéir: Carpenter


    Spreag siad: They encouraged


    Fíodóireacht: Weaving


    Béaloideas: Folklore


    Finscéal: Fable/Legend


    Peaca: Sin


    Clúiteach: Renowned


    A thréigean: To abandon


    Cúthaileach: Shy


    Úrscéal: Novel


    Mórtas: Pride


    Tagairtí: References


    Slabhra: Chain


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Más Menos
    24 m
Todavía no hay opiniones