Seoda ón Taisce Liteartha Podcast Por An tOireachtas arte de portada

Seoda ón Taisce Liteartha

Seoda ón Taisce Liteartha

De: An tOireachtas
Escúchala gratis

Ceann de na príomhaidhmeanna a chuir An tOireachtas roimhe in 1897 ná nuascríbhneoireacht i nGaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn. Is chuige sin a cuireadh tús le Comórtais Liteartha an Oireachtais. Spreag na comórtais bhliantúla sin roinnt de mhórúdair ár linne le dul i mbun pinn agus tá saibhreas thar na bearta sa taisce saothar atá againn dá mbarr.

Sa tsraith podchraoltaí seo, craolfar saothair a bhfuil duaiseanna liteartha bronnta ag an Oireachtas orthu thar na mblianta, ina measc, prós, filíocht, gearrscéalta, drámaíocht agus eile.

Suigh siar agus éist le scoth na scríbhneoireachta Gaeilge ó phinn na máistrí – eiseamláir na cruthaitheachta i dteanga bhinn, shaibhir ina bhfuil rithim nádúrtha na Gaeilge go smior.


Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

An tOireachtas
Arte Entretenimiento y Artes Escénicas Historia y Crítica Literaria
Episodios
  • Madame Lazare
    Dec 19 2023
    Tadhg Mac Dhonnagáin

    Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

    Más Menos
    15 m
  • Scéilíní Scanrúla
    Dec 19 2023

    Bhuaigh Scéiliní Scanrúla le Gabriel Rosenstock an dara duais i gComórtas A2: Ficsean do Dhaoine Óga (9/10 mbliana – 12 bhliain) i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2020. Beidh an teach foilsitheoireachta Éabhlóid á bhfoilsiú i mbliana.


    Tá Gabriel Rosenstock ar dhuine de na filí is cáiliúla in Éirinn. File, fear haiku agus fear tanka go príomha é. Is aistritheoir, úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir é freisin. Scríobhann sé filíocht do pháistí agus do dhaoine fásta araon. Chomh maith leis sin, tá drámaí agus aistí scríofa do dhaoine fásta aige agus scéalta do pháistí d’aoisghrúpaí éagsúla. I measc na leabhar véarsaíochta do pháistí atá scríofa aige tá Dánta Duitse, An tOchtapas agus Rainn Eile agus Frog is Fiche.


    Suigh siar agus éist leis cúpla scéilín scanrúil á insint ag Gabriel!


    Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

    Más Menos
    17 m
  • Mise do Mhamó
    Sep 28 2023

    Bhuaigh an saothar Mise do Mhamó an dara duais i gComórtas A5: Saothar do Dhaoine Fásta i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2019. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2020.


    Is as Bré i gCo. Chill Mhantáin í Majella Ní Dhomhnaill ach tá cónaí uirthi anois i mBaile Átha Cliath lena fear céile agus lena mbeirt pháistí óga. Bhuaigh a saothar, Mise do Mhamó, duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2019 agus d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2020. Ba é seo an chéad úrscéal a scríobh sí d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá a céad chnuasach gearrscéalta, Cuimhní Poircealláin, ar na bacáin faoi láthair. Tá duaiseanna buaite ag a cuid gearrscéalta i gComórtais Liteartha an Oireachtais thar na blianta chomh maith le comórtais de chuid Manchester Irish Language Group agus Books Ireland. Bhuaigh an chéad dráma raidió a scríobh sí, Bíobla Don Bheirt Againn, duais i gComórtas A11 - Dráma Raidió i gComórtais Liteartha 2022 agus beidh sé á chraoladh ar stáisiúin raidió pobail agus tráchtála ar fud na tíre amach anseo.


    Is uaigneach an saol a bhíonn ag Cecily Ní Bhaoill. Alcólach a bhí inti fadó agus, mar thoradh air sin, ní bhíonn teagmháil ar bith aici lena hiníon fhásta ná lena beirt gharpháistí. Anois, tá a gariníon ag déanamh réidh lena Céad Chomaoineach a dhéanamh agus, thar aon ní eile, ba bhreá le Cecily bheith i láthair. An féidir léi teagmháil a dhéanamh leis an teaghlach sula mbeidh sé ródhéanach?


    Suigh siar, lig do scíth agus éist le Majella ag léamh blaiseadh de Mise do Mhamó!


    Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

    Más Menos
    16 m
Todavía no hay opiniones