‘Rinne mé gach rud eile’: Naoise Dolan ar a bealach go Gaza Podcast Por  arte de portada

‘Rinne mé gach rud eile’: Naoise Dolan ar a bealach go Gaza

‘Rinne mé gach rud eile’: Naoise Dolan ar a bealach go Gaza

Escúchala gratis

Ver detalles del espectáculo
OFERTA POR TIEMPO LIMITADO. Obtén 3 meses por US$0.99 al mes. Obtén esta oferta.

Tá mionchabhlach de thuairim is 50 bhád ar a bhealach go Gaza – agus tá Éireannaigh ina measc siúd atá ar bord.


Tá na céadta daoine ó thíortha fud fad an domhain mar chuid den Global Sumud Flotilla agus é ar intinn acu cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach do mhuintir Gaza.


Tuairiscíodh oíche Dé Luain gur bhuail drón ceann de na báid sa Túinéis áfach.


Chuir an Global Sumud Flotilla físeán in airde ar na meáin shóisialta a léiríonn solas geal ag bualadh an bháid. Níor gortaíodh aon duine.


Ach diúltaíonn údaráis na Túinéise gur drón a bhí i gceist.


Deir lucht eagraithe an chabhlaigh nach gcuirfidh eachtraí sa Túinéis stop lena dturas agus go leanfaidh siad orthu.


Tá Naoise Dolan ina cuid den iarracht seo agus labhair sí le Seachtain.


Foclóir:


Eachtra: Incident


Cinedhíothú: Genocide


Ionsaí: Attack


Rogha: Choice


An Túinéis: Tunisia


Toradh: Result


Ag taobhú: Siding with


Ceachtanna: Lessons


Sonraí: Details


Éalú: Escape


Siombalachas: Symbolism


Daonna: Humane



See omnystudio.com/listener for privacy information.

Todavía no hay opiniones