
Nuair a Stadann an Ceol
No se pudo agregar al carrito
Add to Cart failed.
Error al Agregar a Lista de Deseos.
Error al eliminar de la lista de deseos.
Error al añadir a tu biblioteca
Error al seguir el podcast
Error al dejar de seguir el podcast
-
Narrado por:
-
De:
Bhuaigh an saothar Nuair a Stadann an Ceol le Marie Whelton duais sa chomórtas Saothar do Dhaoine Fásta de chuid Comórtais Liteartha an Oireachtais 2013.
Is as Cúirt Mhic Shéafraidh, Co. Chorcaí, do Mharie ó dhúchas. Is léachtóir le teanga agus le litríocht na Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath.
Bhronn Éigse Éireann, i gcomhar le Cumann Múinteoirí Éireann, ‘Duais Chuimhneacháin Séamus Heaney’ uirthi sa bhliain 2014. B’údar í Marie freisin, ar Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008); Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2017); Giolcaireacht sa Ghairdín: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2018) agus Dún do Shúile: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2021). I gcomhar le hAodán Mac Suibhne, scríobh sí trí théacsleabhar do mhúinteoirí bunscoile: Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2006); Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile (Institiúid Oideachais Marino, 2008) agus Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2009).
Sa bhliain 2018, bhí sí ina comhúdar ar thairiscint inár éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais chun Baitsiléireacht san Oideachas trí Mheán na Gaeilge a sholáthar in Institiúid Oideachais Marino agus sa bhliain 2020 bhí sí ar dhuine de chomheagarthóirí an ríomh-irisleabhair phiarmheasta, COMHARTaighde 6. Tá sí ainmnithe i measc an bhuíon scríbhneoirí 2023 do Portráidí na Scríbhneoirí na Gaeilge.
Suigh siar, lig do scíth agus éist le Marie ag léamh blaiseadh dá scéal Nuair a Stadann an Ceol, scéal faoi Róisín, atá ar ais i mbun staidéir tar éis di dul ar ollscoil agus cúpla bliain a chaitheamh ag obair. Tá cairde nua aici agus tá go leor ceoil á sheinm ach tá deacrachtaí móra pearsanta aici freisin.
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.