
Mise do Mhamó
No se pudo agregar al carrito
Add to Cart failed.
Error al Agregar a Lista de Deseos.
Error al eliminar de la lista de deseos.
Error al añadir a tu biblioteca
Error al seguir el podcast
Error al dejar de seguir el podcast
-
Narrado por:
-
De:
Bhuaigh an saothar Mise do Mhamó an dara duais i gComórtas A5: Saothar do Dhaoine Fásta i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2019. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2020.
Is as Bré i gCo. Chill Mhantáin í Majella Ní Dhomhnaill ach tá cónaí uirthi anois i mBaile Átha Cliath lena fear céile agus lena mbeirt pháistí óga. Bhuaigh a saothar, Mise do Mhamó, duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2019 agus d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2020. Ba é seo an chéad úrscéal a scríobh sí d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá a céad chnuasach gearrscéalta, Cuimhní Poircealláin, ar na bacáin faoi láthair. Tá duaiseanna buaite ag a cuid gearrscéalta i gComórtais Liteartha an Oireachtais thar na blianta chomh maith le comórtais de chuid Manchester Irish Language Group agus Books Ireland. Bhuaigh an chéad dráma raidió a scríobh sí, Bíobla Don Bheirt Againn, duais i gComórtas A11 - Dráma Raidió i gComórtais Liteartha 2022 agus beidh sé á chraoladh ar stáisiúin raidió pobail agus tráchtála ar fud na tíre amach anseo.
Is uaigneach an saol a bhíonn ag Cecily Ní Bhaoill. Alcólach a bhí inti fadó agus, mar thoradh air sin, ní bhíonn teagmháil ar bith aici lena hiníon fhásta ná lena beirt gharpháistí. Anois, tá a gariníon ag déanamh réidh lena Céad Chomaoineach a dhéanamh agus, thar aon ní eile, ba bhreá le Cecily bheith i láthair. An féidir léi teagmháil a dhéanamh leis an teaghlach sula mbeidh sé ródhéanach?
Suigh siar, lig do scíth agus éist le Majella ag léamh blaiseadh de Mise do Mhamó!
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.