Episodios

  • 20251129_IRISH__aiteanna_ar_cios:_ardu_35%_ar_an_lion_fograi_imeachta
    Dec 1 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25xxkhcd Contact: irishlingos@gmail.com Places for rent: 35% increase in the number of event announcements. Áiteanna ar cíos: ardú 35 faoin gcéad ar an líon fógraí imeachta. There was a 35% increase in the number of eviction notices given by landlords to tenants in the third quarter of the year compared to the same period last year, according to new figures from the Residential Tenancies Board. Bhí ardú de 35 faoin gcéad ar an líon fógraí imeachta a thug tiarnaí talún do thionóntaí sa tríú ráithe den bhliain i gcomórtas leis an tréimhse chéanna anuraidh, de réir figiúirí nua ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe. 5,405 eviction notices were issued to tenants between July and September this year, and 61% of these notices were issued on the basis that the landlord intended to sell the property. Is 5,405 fógra imeachta a tugadh do thionóntaí idir Iúil agus Meán Fómhair i mbliana, agus is ar an mbonn go raibh rún ag an tiarna talún an mhaoin a dhíol a tugadh 61 faoin gcéad de na fógraí sin. It is believed that the significant increase in eviction notices is related to new rules that are due to be implemented next spring and are being frowned upon by landlords who only have one or two places to rent. Meastar go bhfuil baint ag an ardú suntasach atá tagtha ar fhógraí imeachta le rialacha nua atá le cur i bhfeidhm an t-earrach seo chugainn agus a bhfuil col leo ag tiarnaí talún nach bhfuil acu le ligean ar cíos ach áit nó dhó. As with these new rules, for example, a rent increase will be required to be equal to the increase in the rate of inflation, that is, or an annual increase of a maximum of 2%, whichever is lower. Mar leis na rialacha nua sin, cuir i gcás, ceanglófar ardú ar chíos den ardú ar ráta an bhoilsicthe, é sin nó ardú bliaintúil de 2 faoin gcéad ar a mhéid, pé acu is ísle. According to Rosemary Steen of the Residential Tenancies Board, while the increase in the number of eviction notices is a cause for concern, it is common for landlords to exit the rental sector. Dar le Rosemary Steen ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe cé gur údar imní an t-ardú ar an líon fógraí imeachta gur den ghnás é tiarnaí talún ag imeacht ón earnáil cíosa. Housing Minister James Browne said the new figures should take into account the increase in the number of tenancies despite the number of landlords falling. Dúirt an tAire Tithíochta James Browne nár mhór aird a thabhairt sna figiúirí nua ar an ardú atá tagtha ar an líon tionóntachtaí in ainneoin an líon tiarnaí talún a bheith ag ísliú. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Más Menos
    8 m
  • 20251122_IRISH__meiricea_ag_iarraidh_ar_an_ucrain_reigiun_donbas_a_ligean_uaithi
    Nov 22 2025
     jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22y38c45 Contact: irishlingos@gmail.com  Your browser does not support the audio element. America is asking Ukraine to relinquish the Donbas region. Meiriceá ag iarraidh ar an Úcráin réigiún Donbas a ligean uaithi. Ukrainian President Volodymyr Zelensky has said that he is willing to cooperate with the United States on the peace plan that that country has drafted regarding the war in Ukraine. Tá sé ráite ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go bhfuil sé sásta comhoibriú leis na Stáit Aontaithe maidir leis an bplean síochána atá dréachtaithe ag an tír sin faoin gcogadh san Úcráin. What is needed now, he said, is beneficial work, which must be undertaken honestly and enthusiastically. Obair thairbheach a theastaíonn anois, arsa sé, a gcaithfear tabhairt fúithi go hionraic agus go beo. That's what Zelensky had to say about the American plan, however, he did not give any details and it seems from his measured and concise speech that he is really against it. Sin an méid a bhí le rá ag Zelensky faoi phlean na Meiriceánach, áfach, níor thug sé aon sonraí agus dealraíonn sé ón gcaint thomhaiste ghonta a rinne sé go bhfuil col aige leis i ndáiríre. US Secretary of the Army Dan Driscoll was in Kiev yesterday, where he discussed the plan first with representatives of the Ukrainian Government and then with Zelensky himself. Bhí Rúnaí Arm na Stát Aontaithe Dan Driscoll i gCív inné, áit ar phléigh sé an plean le hionadaithe ó Rialtas na hÚcráine i dtosach agus le Zelensky féin ina dhiaidh sin. A US government spokesman claimed that one of those representatives, Rustem Umerov, accepted the plan after proposing several amendments. Mhaígh urlabhraí ó Rialtas na Stát Aontaithe gur ghlac duine de na hiondaithe sin, Rustem Umerov, gur ghac sé leis an bplean tar éis dó roinnt leasuithe a mholadh. According to the plan, which has not been published but has been seen by the Reuters news agency, Ukraine would cede every inch of the Donbas region in the east of the country to Russia and the number of soldiers in the Ukrainian Army would be halved - in exchange for promises about Ukraine's security. De réir an phlean, nach bhfuil foilsithe ach atá feicthe ag an ngníomhaireacht nuachta Reuters, ghéillfeadh an Úcráin gach orlach de réigiún Donbas in oirthear na tíre don Rúis agus laghdófaí faoina leath an líon saighdiúirí atá in Arm na hÚcráine – é sin mar mhalairt ar ghealltanais faoi shlándáil na hÚcráine. The plan also states that Russia, Ukraine and the European Union would sign a non-aggression treaty; that no soldiers from the North Atlantic Treaty Organization would be sent to Ukraine; and that the number of member states in that organization would not be increased. Deirtear sa phlean freisin go síneodh an Rúis, an Úcráin agus an tAontas Eorpach conradh neamhionsaithe; nach gcuirfí chun na hÚcráine aon saighdiúirí ó Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh; agus nach gcuirfí le líon na mballstát san eagraíocht sin. In addition, the international sanctions imposed on Russia since that country invaded Ukraine in early 2022 would be gradually lifted. Ina cheann sin, chuirfí deireadh de réir a chéile leis na smachtbhannaí idirnáisiúnta atá curtha ar an Rúis ó rinne an tír sin ionradh ar an Úcráin i dtús 2022. Russia would be invited back to participate in the G8 forum of countries and the United States would enter into a wide range of economic agreements with Russia regarding energy, natural resources, infrastructure, artificial intelligence, data centers and rare earth minerals in the Arctic region. Thabharfaí cuireadh don Rúis a bheith rannpháirteach an athuair i bhfóram thíortha an G8 agus dhéanfadh na Stáit Aontaithe raon leathan socruithe eacnamaíochta leis an Rúis maidir le fuinneamh, acmhainní nádúrtha, infreastruchtúr, intleacht shaorga, ionaid bhunachar sonraí agus mianraí tearcithreacha i réigiún an Artaigh. It is not known whether the Americans have discussed the plan with other European countries yet, but yesterday the European Union Foreign Ministers indicated that they were not overly impressed with what they had heard about it. Ní fios ar phléigh na Meiriceánaigh an plean le tíortha eile san Eoraip fós ach inné thug Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh le tuiscint nach raibh siad róthógtha lena raibh cloiste acu ina leith. RTÉ News and Current Affairs Cars destroyed after airstrike by Russian military forces on the city of Odesa in southern Ukraine last night Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Gluaisteáin scriosta tar éis ionsaí aeir a rinne fórsaí míleata na Rúise ar chathair Odesa i ndeisceart na hÚcráine aréir
    Más Menos
    27 m
  • 20251118_IRISH__ordu_tugtha_enoch_burke_a_chur_i_bpriosun_aris
    Nov 18 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24cpc2fh Contact: irishlingos@gmail.com Order given to re-imprison Enoch Burke. Ordú tugtha Enoch Burke a chur i bpríosún arís. The High Court has ordered secondary school teacher Enoch Burke to be re- imprisoned, and without delay, for his disregard of an order to stay away from Wilson's Hospital school in Co. Westmeath. Tá ordú tugtha ag an Ard-Chúirt an múinteoir meánscoile Enoch Burke a chur i bpríosún an athuair, agus gan mhoill, mar gheall ar an neamhaird atá sé a thabhairt ar ordú fanacht amach ó scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí. Judge Brian Cregan said in court today that Enoch Burke's strategy was to provoke conflict, insult people and bully people. Dúirt an Breitheamh Brian Cregan sa chúírt inniu gurbh é an straitéis a bhí ag Enoch Burke achrann a tharraingt, daoine a mhaslú agus bulaíocht a dhéanamh ar dhaoine. Despite being fined and having security guards placed on duty at the school, the judge said, Enoch Burke refused to stay away from the premises as ordered. In ainneoin gur gearradh fíneálacha air agus gur cuireadh gardaí slándála ar dualgas ag an scoil, arsa an breitheamh, dhiúltaigh Enoch Burke fanacht amach ón áit mar a ordaíodh dó. The judge also said that Enoch Burke had a duty to obey the law, like every other citizen, but instead the teacher and his family sought to undermine the authority of the courts. Dúirt an breitheamh freisin go raibh dulagas ar Enoch Burke géilleadh don dlí, cosúil le gach saoránach eile, ach ina áit sin gur fhéach an múinteoir agus a theaghlach leis an mbonn a bhaint d'údarás na gcúirteanna. The Burke family carried out a coordinated and sustained attack on the rule of law in this country, the judge said. Rinne muintir Burke ionsaí comhordaithe agus leanúnach ar riail an dlí sa tír seo, arsa an breitheamh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Más Menos
    6 m
  • 20251118_IRISH__paschal_donohoe_eirithe_as_an_rialtas,_post_nua_aige
    Nov 18 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28y74qub Contact: irishlingos@gmail.com Paschal Donohoe resigns from Government, takes up new position. Paschal Donohoe éirithe as an Rialtas, post nua aige. Fine Gael Finance Minister Paschal Donohoe is to step down from his political duties in Ireland after being appointed Managing Director and Chief Information Officer at the World Bank, the second most senior position in that organisation. Tá an tAire Airgeadais Paschal Donohoe ó Fhine Gael le héirí as a chúraimí polaitíochta in Éirinn tar éis dó a bheith ceaptha ina Stiúrthóir Bainistíochta agus ina Phríomhoifigeach Eolais sa Bhanc Domhanda, an dara post is sinsearaí san eagraíocht sin. He has already resigned from his role as Minister for Finance and will step down as a Dáil member later this week. Tá sé éirithe as a chúram mar Aire Airgeadais cheana féin agus éireoidh sé as mar Theachta Dála níos deireanaí an tseachtain seo. It is understood that the Government will appoint a new Minister for Finance this evening. Tuigtear go gceapfaidh an Rialtas Aire Airgeadais nua tráthnóna. Paschal Donohoe is 51 years old and has been an MLA for Dublin Central since 2011. 51 bliain d'aois atá Paschal Donohoe agus tá sé ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath Láir ó 2011. He was appointed Minister of State for European Affairs in 2013 and Minister for Transport, Tourism and Sport the following year. Ceapadh é ina Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha in 2013 agus ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhliain dar gcionn. He was appointed Minister for Public Expenditure and Reform in 2016 and Minister for Finance in 2017. Ceapadh é ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in 2016 agus ina Aire Airgeadais in 2017. As with its new position, the World Bank's primary responsibility is to provide low-interest loans to developing countries. Mar lena phost nua, is é príomhchúram an Bhainc Dhomhanda iasachtaí ar rátaí ísle úis a chur ar fáil do thíortha atá i mbéal forbartha. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Más Menos
    7 m
  • 20251114_IRISH__4_bliana_ar_fhear_faoi_thiomaint_a_raibh_bas_mar_thoradh_air
    Nov 14 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bmwxa39 Contact: irishlingos@gmail.com 4 years for a man driving under the influence which resulted in death. 4 bliana ar fhear faoi thiomáint a raibh bás mar thoradh air. A 51-year-old man was sentenced to 4 years in prison today for dangerous driving which resulted in the death of another man in County Donegal three years ago. Gearradh téarma príosúnachta 4 bliana inniu ar fhear 51 bliain d'aois as tiomáint chontúirteach a bheith ar bun aige a raibh bás fir eile mar thoradh air i gContae Dhún na nGall trí bliana ó shin. Shaun Duffy was driving on the wrong side of the N13 road in Saran Glebe, on 5th July 2022 and his car collided with a van driven by Mervyn McClure (70). Thiomáin Shaun Duffy ar an taobh mícheart de bhóthar an N13 i nGléib Sháráin, an 5ú Iúil 2022 agus bhuail a charr i gcoinne veain a bhí á thiomáint ag Mervyn McClure (70). McClure later died in hospital as a result of the accident. Bhásaigh McClure san ospidéal ina dhiaidh sin de thoradh na timpiste. Shaun Duffy has also been banned from the road for 10 years. Tá Shaun Duffy curtha den bhóthar freisin ar feadh 10 mbliana. A test conducted by gardaí after the accident showed that he was under the influence of alcohol. I dtástáil a rinne gardaí air i ndiaidh na timpiste léiríodh go raibh sé faoi thionchar an óil. It was not the first time Duffy had been guilty of such a crime, he had been convicted 6 other times before the day of this tragedy. Níorbh é an chéad uair ag Duffy a bheith ciontach ina léithid de choir, ciontaíodh 6 huaire eile é roimh lá na tragóide seo.
    Más Menos
    5 m
  • 20251109_IRISH__ardu_88%_ar_lion_na_dtithe_airbnb_sa_ghaeltacht_o_2019
    Nov 9 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cgsvjuf Contact: irishlingos@gmail.com 88% increase in the number of Airbnb homes in the Gaeltacht since 2019. Ardú 88 faoin gcéad ar líon na dtithe Airbnb sa Ghaeltacht ó 2019. The number of homes available on Airbnb in the Gaeltacht has increased by 88% since 2019, according to new figures published by Conradh na Gaeilge and the tenants' association CATU. Tá ardú 88 faoin gcéad tagtha ó 2019 ar líon na dtithe atá ar fáil ar Airbnb sa Ghaeltacht, de réir figiúirí nua atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge agus ag an gcumann tionóntaí CATU. That's a 40% increase more than the national increase. Sin ardú 40 faoin gcéad níos mó ná an t-ardú náisiúnta. In the West Kerry and South Kerry Language Planning Areas, for example, more than 16% of all private properties in both places are homes available on Airbnb, according to the figures. I Limistéir Phleanála Teanga Chiarraí Thiar agus Chiarraí Theas, cuir i gcás, is tithe atá ar fáil ar Airbnb iad níos mó ná 16 faoin gcéad de na háitribh phríobháideacha ar fad sa dá áit, de réir na bhfigiúirí. In the Islands District of Connemara, there were nine homes available on Airbnb in 2019 compared to 27 in 2025, an increase of 200%. I gCeantar na nOileán i gConamara, bhí naoi dteach ar fáil ar Airbnb in 2019 le hais 27 in 2025, ar méadú de 200 faoin gcéad é sin. In Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire and Lough an Uír in Co Donegal, there were 66 homes available on Airbnb in 2019 compared to 139 this year, an increase of 110%. I nGaoth Dobhair, i Rann na Feirste, in Anagaire agus i Loch an Iúir i gCo Dhún na nGall, bhí 66 teach ar fáil ar Airbnb in 2019 le hais 139 i mbliana, ar méadú de 110 faoin gcéad é. Róisín Ní Chinnéide, Advocacy Manager for Conradh na Gaeilge, said that the figures show that "the Gaeltacht is being strangled by Airbnb's tight grip" and criticized the Government for turning everyone's fundamental right to have a place to live into a commodity. Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge go léiríonn na figiúirí "go bhfuil an Ghaeltacht á tachtadh ag greim docht Airbnb" agus cháin sí an Rialtas as an mbuncheart atá ag gach duine áit chónaithe a bheith acu a iompú ina earra. Paul D'Eath from CATU called for legislation to be introduced to tackle the problem. D'iarr Paul D'Eath ó CATU reachtaíocht a thabhairt isteach le dul i ngleic leis an bhfadhb. The figures were compiled by the action group Inside Airbnb on behalf of Conradh na Gaeilge and CATU. Is iad lucht an ghrúpa gnímh Inside Airbnb a chuir na figiúirí i dtoll a chéile ar son Chonradh na Gaeilge agus CATU. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Más Menos
    9 m
  • 20251030_IRISH__trump_ag_maiomh_as_comhaontu_nua_leis_an_tsin
    Oct 30 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23h3hh5p Contact: irishlingos@gmail.com Trump touting a new deal with China. Trump ag maíomh as comhaontú nua leis an tSín. US President Donald Trump said he and Chinese President Xi Jinping reached a significant trade agreement in a meeting the two men held in the South Korean city of Busan. Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gur tháinig sé féin agus Uachtarán na Síne Xi Jinping ar chomhaontú suntasach trádála i gcruinniú a bhí ag an mbeirt fhear i gcathair Busan sa Chóiré Theas. Trump said he agreed to reduce tariffs on Chinese goods from 47% to 57% in exchange for a promise from Xi that China would resume buying soybean products from the United States, that China would continue to supply rare earth minerals to the international market, and that China would do more to prevent the production of the drug fentanyl in that country. Thug Trump le fios gur shocraigh sé ar tharaifí ar earraí ón tSín a laghdú ó 47 faoin gcéad go 57 faoin gcéad mar mhalairt ar ghealltanas ó Xi go gceannódh an tSín táirgí pónairí soighe ó na Stáit Aontaithe arís, go leanfadh an tSín ag soláthar mianrai tearcithreacha don mhargadh idirnáisiúnta agus go ndéanfadh an tSín tuilleadh le táirgeadh an druga feantainil sa tír sin a chosc. Trump is very proud of that and said it was a "great meeting." Is mór an maíomh ag Trump an méid sin agus dúirt sé gur "cruinniú iontach ar fad" a bhí ann. Xi made a more moderate statement after the meeting, then. Ráiteas níos measartha a rinne Xi i ndiaidh an chruinnithe, más ea. According to him, "representatives of the two countries reached an agreement on the best way to address important economic and trade issues" and "it was now important to finalize the details and implement what had been agreed". Dar leisean gur "tháinig ionadaithe an dá thír ar chomhaontú faoin mbealach is fearr le dul i gceann ceisteanna tábhachtacha eacnamaíochta agus trádála" agus "nár mhór anois bailchríoch a chur ar na mionsonraí agus ar aontaíodh a chur i bhfeidhm". Trump and Xi met at a summit of Pacific leaders and the talks between the two reportedly lasted two hours. Is ag cruinniú mullaigh de cheannairí thíortha an Áigéin Chiúin a tháinig Trump agus Xi le chéile agus tuairiscítear gur dhá uair an chloig a mhair na comhráite idir an bheirt. Above all else, the Americans want to solve the issue of rare earth minerals because China, more than any other country, has the most of them. Thar aon cheist eile, teastaíonn ó na Meiriceánaigh ceist na mianrai tearcithreacha a réiteach ós sa tSín, thar aon tír eile, is mó atá siad le fáil. The discussions between Trump and Xi focused on economic and trade matters and did not appear to discuss contentious political or military issues. Is ar chúrsaí eacnamaíochta agus trádála a díríodh sna comhráite idir Trump agus Xi agus is cosúil nár pléadh ceisteanna achrannacha polaitíochta ná míleata. Trump said that the fate of Taiwan, for example, was not mentioned, and it seems that not a syllable was said about the new military agreement between the United States and South Korea. Dúirt Trump nár luadh a bhfuil i ndán don Téaváin, cuir i gcás, agus dealraíonn sé nach ndúradh oiread agus siolla faoin gcomhaontú nua míleata idir na Stáit Aontaithe agus an Chóiré Theas. In addition, a few minutes before the meeting between the two leaders, Trump announced on his own social media that the United States intended to test nuclear weapons again, for the first time since 1992. Ina cheann sin, cúpla nóiméad roimh an gcruinniú idir an bheirt cheannairí, d'fhógair Trump ar a mheán sóisialta féin go raibh rún ag na Stáit Aontaithe airm núicléacha a phromhadh an athuair, an chéad uair ó 1992. Neither of them said a word about that after the meeting, however. An drae focal faoi sin ní dúirt ceachtar acu i ndiaidh an chruinnithe, áfach. RTÉ News and Current Affairs
    Más Menos
    12 m
  • 20251023_IRISH__iarrthoiri_uachtaranachta_ag_stocaireacht_in_aiteanna_eagsula
    Oct 23 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2baut57r Contact: irishlingos@gmail.com Presidential candidates lobbying in various locations. Iarrthóirí Uachtaránachta ag stocaireacht in áiteanna éagsúla. The two candidates in the Presidential election are campaigning in different regions of the country today – half and half in Leach-Quinn and half in Leach- Mogha – with only two days left before the big day itself. Tá an bheirt iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta ag stocaireacht i réigiúin éagsúla sa tír inniu – idir Leath Chuinn agus Leath Mhogha leath ar leath – agus gan ach dhá lá fanta roimh an lá mór féin. Among those in Munster is Fine Gael candidate Heather Humphreys, between Cork and Co Clare. I measc na ndaoine i gCúige Mumhan atá iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys, idir Corcaigh agus Co an Chláir. She was first in Cork city this morning, then in Ballycastle, and from there she will go to Enniscray. I gcathair Chorcaí a bhí sí ar dtús ar maidin, i mBaile Mhisteála ina dhiaidh sin, agus rachaidh sí as sin go hInis an Chláir. Left-wing candidate Catherine Connolly is in Ulster, going out through the people in Co. Monaghan and Co. Cavan. Is in Ultaibh atá iarrthóir na heite clé Catherine Connolly agus í ag dul amach trí na daoine i gCo Mhuineacháin agus i gCo an Chabháin. She will visit Athlone in County Westmeath this afternoon and Mullingar afterwards. Tabharfaidh sí sciuird ar Bhaile Átha Luain i gCo na hIarmhí tráthnóna agus ar an Muileann gCearr ina dhiaidh sin. The pair clashed in the final election debate which aired on RTÉ television last night. Chuaigh an dís in árach a chéile i ndíospóireacht dheireanach an toghcháin a bhí ar siúl ar theilifís RTÉ aréir. Heather Humphreys was the most controversial of them all during the debate, and if the polls are true, she is far behind Catherine Connolly. Ba í Heather Humphreys ba spairní díobh le linn na díospóireachta arae, más fíor do na pobalbhreitheanna, tá sí i bhfad chun deiridh ar Catherine Connolly. According to political analysts, then, while it cannot be said that neither of them was without a sense of urgency, neither of them was without a sense of urgency. Dar leis na hanailísithe polaitíochta, más ea, cé nach bhféadfadí a rá nár bhain béim chreabhair do cheachtar acu nár buaileadh an bhrathbhéim ar cheachtar acu. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Más Menos
    7 m