Diarmaid Ó Buachalla - Uisce Faoi Thalamh Podcast Por  arte de portada

Diarmaid Ó Buachalla - Uisce Faoi Thalamh

Diarmaid Ó Buachalla - Uisce Faoi Thalamh

Escúchala gratis

Ver detalles del espectáculo

Bronnadh an chéad duais ar an saothar Diarmaid Ó Buachalla – Uisce Faoi Thalamh le Mícheál Ó Laoghaire i gcomórtas A1 -Úrscéal Ficsean Ginearálta i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2017. D’fhoilsigh Coiscéim an saothar sa bhliain 2018 faoin teideal Comhcheilg.

Is as Co. Chorcaí é Mícheál Ó Laoghaire agus is iar-mhúinteoir bunscoile é. Tá trí chnuasach gearrscéalta dá chuid foilsithe ag Coiscéim; Bás Bharra, An Deireadh Seachtaine agus Tearmainn Mheabhail. Mar aon leis na cnuasaigh filíochta, tá cúig úrscéal dá chuid foilsithe ag Coiscéim; Comhcheilg, Comhar an gCarad, An tAonarán, Maraigh Dev agus Fómhar an Spealadóra.

Bhuaigh Mícheál an dara duais i gComórtas A1 – Úrscéal Ficsean Ginearálta i gComórtais Liteartha an Oireachtais lena saothar Cuairt an Uachtaráin sa bhliain 2020 agus d’fhoilsigh Coiscéim é sa bhliain 2021 faoin teideal Fómhar an Spealadóra. Faoi láthair, tá Coiscéim ag ullmhú an chead úrscéil eile uaidh An Tríú hInsint agus táthar ag súil go bhfoilseofaí é roimh dheireadh an bliana.

Nuair a aimsítear coirp beirt ógbhean ag bun faille in iarghúltacht na Breataine Bige, meastar ar dtús gur timpiste thragóideach a bhain dóibh. Isteach leis an Fiannóglach Diarmaid Ó Buachalla agus Maurice du Valle, gníomhaire de chuid sheirbhís slándála na Fraince, chun dul i mbun fiosraithe. Conas mar a éireoidh leo?

Lig do scíth agus éist le Mícheál ag léamh sliocht as Diarmaid Ó Buachalla – Uisce Faoi Thalamh.


Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Todavía no hay opiniones