Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal Podcast Por  arte de portada

Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal

Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal

Escúchala gratis

Ver detalles del espectáculo

Bhuaigh an saothar Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas an chéad duais i gComórtas A3: Ficsean do Dhaoine Óga (13-15) i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2020. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2021 agus bhí sé ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló sa bhliain 2022.


Is scríbhneoir scripte agus úrscéalaí é Richie Conroy a oibríonn ar go leor cláracha teilifíse agus scannáin don aos óg. Tá gearrscéalta dá gcuid foilsithe sa leabhar Saibhreas (Mentor Press). Ba é Dialann Emily Porter: An Jailtacht (LeabhairCOMHAR) a chéad úrscéal. Tá aitheantas faighte aige agus gradaim bronnta air dá shaothair go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Bhí sé mar scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2021.


Suigh siar agus éist le Richie ag léamh blaiseadh de Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal. Tá Emily Porter sona sásta. Tá sí féin agus Cian ag dul amach ‘go hoifigiúil’, tá sí san idir bhliain anois agus tá múinteoir nua ar scoil atá spreagúil, cineálta agus an-dathúil. Ach, ní fada go dtosaíonn rudaí ag dul in olcas don déagóir bocht. Tá fadhbanna le réiteach aici agus ar a bharr sin, tá rún mór le scaoileadh ag Mam agus Daid a athróidh saol Emily.


Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Todavía no hay opiniones