
Béal na Péiste
No se pudo agregar al carrito
Add to Cart failed.
Error al Agregar a Lista de Deseos.
Error al eliminar de la lista de deseos.
Error al añadir a tu biblioteca
Error al seguir el podcast
Error al dejar de seguir el podcast
-
Narrado por:
-
De:
Bhuaigh Béal na Péiste le Fionntán de Brún an chéad duais i gComórtas A1: Úrscéal – Ficsean Liteartha i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.
Is i mBéal Feirste a rugadh agus a tógadh Fionntán agus tá sé ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ó 2017. Is i réimse an léinn is mó a bhfuil saothair foilsithe aige. D’fhoilsigh Cló Ollscoil Chorcaí saothar leis sa bhliain 2019 darb ainm Revivalism and Modern Irish. Bhí sé ina eagarthóir ar Léachtaí Cholm Cille 52 – Stair agus Ficsean ó Beatha Cholm Chille go Bealach na Spáinneach (2022) agus Léachtaí Cholm Cille 51 Scríobhaithe an Tuaiscirt, 1650–1900 (2021).
Bhuaigh a chnuasach gearrscéalta, Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile (Móinín, 2005) an chéad duais i gComórtas A13 - Prós Cruthaitheach, Cnuasach Gearrscéalta nó Úrscéal Gairid i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2004. Is é Béal na Péiste an chéad úrscéal a scríobh Fionntán agus é foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Seoladh an leabhar i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste i mí Aibreán 2023.
Suigh siar agus éist le Fionntán ag léamh an chéad chaibidil dá shaothar buacach, Béal na Péiste.
Beidh an scéal ina iomlán uait i ndiaidh don bhlaiseadh beag seo a chloisteáil agus is féidir an leabhar a cheannach anseo.
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.